Content-Length: 79564 | pFad | https://ga.wikipedia.org/wiki/An_Bulla_Thuaidh

An Bulla Thuaidh - Vicipéid Jump to content

An Bulla Thuaidh

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Bulla Thuaidh
Íomhá
Trá Chnocán Doirinne ar an mBulla Thuaidh
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie57172 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinCúige Laighean, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 22′ 01″ N, 6° 08′ 55″ O / 53.367065°N,6.14856°W / 53.367065; -6.14856
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Toisí5 (fad) km

Is oileán é An Bulla Thuaidh[1] (a dtugtar Oileán an Bhulla[2] agus Oileán an Tairbh Thuaidh freisin) atá suite i mBá Bhaile Átha Cliath, beagnach comhthreomhar le cósta thuaidh na bá idir Cluain Tarbh agus Ráth Eanaigh. Tá an t-oileán 5 chiliméadar ar fad agus 800 méadar ar leithead. Tá trá ghainmheach ó cheann ceann an oileáin ar a chósta theas-thoir.

Bhí fadhb i gcónaí ag Bá Bhaile Átha Cliath le líonadh le glár, go háirithe ag béal na Life agus ag an am céanna, bhí dhá oitir gainimh sa Bhá - an Bulla Thuaidh agus an Bulla Theas. Bhí oitir gainimh eatarthu freisin a bhí ag cur isteach ar longa ag seoladh go dtí Port Bhaile Átha Cliath. Tógadh dhá bhac chun an chuisle cuain a choimeád slán - Balla an Bhulla Theas agus Balla an Bhulla Thuaidh. Tógadh Balla an Bhulla Theas idir 1715 agus 1830 agus tógadh Balla an Bhulla Thuaidh idir 1820 agus 1825. Doimhníodh an chuisle cuain ag béal na Life ó 1.8m go dtí 4.8m sna 48 mbliana tar éis tógáil Bhalla an Bhulla Thuaidh. Leagadh an glár a scuabadh ón gcuisle cuain ar an mBulla Thuaidh agus thosaigh an t-oileán ag fás.

Teacht ar an Oileán

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá droichead adhmaid idir Cluain Tarbh agus an oileán. Tá cabhsa leathan idir Ráth Eanaigh agus an oileán.

Úsáid an Oileáin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá pobal buan beag ar an oileán, agus dhá ghalfchúrsa. Tá dealbh Réalta na Mara ag ceann Bhalla an Bhulla Thuaidh.

Tá an oileán liostáilte ag UNESCO mar thearmann bithsféir.









ApplySandwichStrip

pFad - (p)hone/(F)rame/(a)nonymizer/(d)eclutterfier!      Saves Data!


--- a PPN by Garber Painting Akron. With Image Size Reduction included!

Fetched URL: https://ga.wikipedia.org/wiki/An_Bulla_Thuaidh

Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy