Content-Length: 155128 | pFad | https://ga.wikipedia.org/wiki/N%C3%A9stor_Kirchner

Néstor Kirchner - Vicipéid Jump to content

Néstor Kirchner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNéstor Kirchner

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Néstor Carlos Kirchner Ostoić Cuir in eagar ar Wikidata
25 Feabhra 1950
Río Gallegos, An Airgintín Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Deireadh Fómhair 2010
60 bliana d'aois
El Calafate, An Airgintín Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Stad cairdiach)
Áit adhlacthaMausoleum of Néstor Kirchner (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Secretary General of the Union of South American Nations (en) Aistrigh
4 Bealtaine 2010 – 27 Deireadh Fómhair 2010
← luach ar iarraidh – María Emma Mejía Vélez →
Member of the Argentine Chamber of Deputies (en) Aistrigh
10 Nollaig 2009 – 27 Deireadh Fómhair 2010
Céad Bhean na hAirgintíne
10 Nollaig 2007 – 27 Deireadh Fómhair 2010 – Juliana Awada de Macri →
Uachtarán na hAirgintíne
25 Bealtaine 2003 – 10 Nollaig 2007
← Eduardo DuhaldeCristina Kirchner →
Gobharnóir Chúige Santa Cruz
10 Nollaig 1991 – 24 Bealtaine 2003
← Héctor Marcelino GarcíaHéctor Icazuriaga →
Intendant (en) Aistrigh Río Gallegos
10 Nollaig 1987 – 10 Nollaig 1991 – Alfredo Martínez → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachCroats in Argentina (en) Aistrigh
ReiligiúnAn Chríostaíocht
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Náisiúnta La Plata - dochtúireacht sa dlí-eolaíocht (1969–1976)
La Salle Florida (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Spáinnis
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Suíomh oibre Buenos Aires Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmdlíodóir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFront for Victory (en) Aistrigh (2003–2010)
Justicialist Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtKirchnerism (en) Aistrigh
TeangachaAn Spáinnis
Teaghlach
CéileCristina Kirchner (1975–2010) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMáximo Kirchner, Florencia Kirchner Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínAlicia Kirchner
Croineolaíocht
Páipéir Phanama
Death and state funeral of Néstor Kirchner (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm1905646 TMDB.org: 141681
Find a Grave: 60725520 Cuir in eagar ar Wikidata
Néstor Kirchneragus Cristina Fernández, 2007

Bhí Néstor Kirchner (25 Feabhra 195027 Deireadh Fómhair 2010) ina iar-Uachtarán ar an Airgintín agus ina dhlíodóir.

2009
2010

Agus é ina neach léinn dlí in Ollscoil Náisiúnta de La Plata, bhuail sé le Cristina Fernández agus phós sé í.

Tar éis dó a chéim a bhaint amach, chuir sé comhlacht dlí ar bun sa Phatagóin, a réigiún dúchais (chuaigh a bhean chéile isteach sa chomhlacht sa bhliain 1979.) Cé go raibh sé ag tacú Perón ón am a bhí é ina mhac léinn (agus go raibh sé ceangailte ar feadh tamaill le hantoiscigh den eite chlé sa ghluaiseacht) cuireadh fímíneacht ina leith ní ba dhéanaí, nuair a rinne sé ceann dá thosaíochtaí polaitiúla den fhreagracht as na coireanna a rinneadh faoin deachtóireacht mhíleata a bhí i gcumhacht san Airgintín ó 1976 go 1983, toisc nár tuairiscíodh go ndearna sé faic i gcoinne na deachtóireacht mar dhlíodóir agus toisc go raibh sé ag iarraidh an réimeas agus na peronistas a chur i gcomhghuaillíocht lena chéile.[1]

le Bush, SAM, 2003

Nuair a tháinig an daonlathas ar ais, chuaigh Kirchner leis an bpolaitíocht, ar son na peronistas. Bhí sé ina mhéara ar Río Gallegos (1987-91) agus ina ghobharnóir ar Santa Cruz (1991-2003).

le Vladimir Putin , 2003

Bhí Kirchner ina Uachtarán ar an Airgintín ó 2002 go dtí 2007.

Le linn dó a bheith ina Uachtarán, chuir sé roinnt breithiúna as oifig, a ceapadh ag rialtais a bhí ann roimhe sin ar fhorais pholaitiúla amháin agus nach raibh meas an phobail orthu. Chuir sé atheagar ar an gcóras le haghaidh na breithiúna a cheapadh, i dtreo na trédhearcachta. Ina theannta sin, cheap sé roinnt breithiúna a bhí réasúnta liobrálach, an chéad bheirt bhan a ceapadh ar an gCúirt Ceartais Uachtarach san áireamh.[1]

Mar sin féin, dúirt lucht cáinte rialtas Kirchner nár thug sé aon aird riamh ar bhreithiúnais nár oir dó ó thaobh na polaitíochta de, in ainneoin an chuma seo ar athchóiriú.

Chomh maith leis sin, bhí Kirchner ag brú go gcuirfí an dlí a chur ar dhaoine a rinne coireanna thar ceann na deachtóireachta míleata; chuir an Chomhdháil dlíthe a chuir bac air sin ar neamhní agus dearbhaigh an Chúirt Ceartais Uachtarach go raibh siad in aghaidh an bhunreachta. Ag an am céanna, shéan sé go raibh na rudaí a rinne treallchogaithe in aghaidh an réimeis inchurtha lena chuid coireanna féin.

Roghnaigh Kirchner gan seasamh i dtoghchán uachtaránachta 2007 ach bhí an-tionchar aige fós le linn na chéad trí bliana a raibh a bhean chéile ina huachtarán. Bhí sé ina Ard-Rúnaí ar Aontas Náisiún Mheiriceá Theas ó Bhealtaine 2010 go dtí go bhfuair sé bás.[1]

Fuair Néstor Kirchner bás tobann de bharr taom croí ar 27 Deireadh Fómhair 2010.

Bhí Cristina Fernández ina hUachtarán ar an Airgintín, i gcomharbacht Nestor, idir 2007 agus 2015 agus tá sí ina Leas-Uachtarán ar an Airgintín ó Dheireadh Fómhair 2019. Meastar go forleathan gur gur chor cinniúnach é a bhás i seasamh polaitíochta a bhean chéile, i dtreo ní ba thiarnúla agus ní ba phobalaí.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Nestor Kirchner". Dáta rochtana: 2021.








ApplySandwichStrip

pFad - (p)hone/(F)rame/(a)nonymizer/(d)eclutterfier!      Saves Data!


--- a PPN by Garber Painting Akron. With Image Size Reduction included!

Fetched URL: https://ga.wikipedia.org/wiki/N%C3%A9stor_Kirchner

Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy