Nora Barnacle
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Márta 1884 Gaillimh, Éire |
Bás | 10 Aibreán 1951 67 bliana d'aois Zürich, An Eilvéis |
Áit adhlactha | Reilig Fluntern |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Teaghlach | |
Céile | James Joyce (1931–1941) |
Páirtí | James Joyce |
Páiste | Lucia Joyce ( James Joyce) Giorgio Joyce ( James Joyce) |
Bean chéile agus bé an scríbhneora chlúitigh Éireannaigh James Joyce ab ea Nora Barnacle. (Márta 1884 - Aibreán 1951) Iníon báicéara as Conamara na Gaillimhe a bhí inti, a chas ar Joyce den chéad uair i mBaile Átha Cliath ar an 10 Meitheamh 1904. Bhunaigh Joyce a shárshaothar Ulysses ar an 16 Meitheamh 1904, an lá ar chuir an bheirt tús lena gcaidreamh rómánsach. Ach níor thaitin an leabhar conspóideach léi. Tharraing a gcuid litreacha gnéis follasacha aird fhorleathan, go háirithe mar d'easaontaigh Joyce le teanga gháirsiúil de ghnáth. Is minic a dhíoltar iad ar phraghsanna arda ag ceantanna. Díoladh litir earótach ó Joyce go Barnacle ag Sotheby's ar £240,800 sa bhliain 2004.
Tá go leor suime ag an bpobal i saol Barnacle agus Joyce le chéile. Léiríodh dráma, Nora Barnacle le Maureen Charlton, faoina gcaidreamh sa bhliain 1980. Scríobh Brenda Maddox beathaisnéis uirthi darb ainm Nora: A Biography of Nora Joyce, i 1998 agus cuireadh an leabhar in oiriúint don scáileán mar scannán Éireannach, darbh ainm Nora, Pat Murphy a stiúraigh agus ba iad Susan Lynch agus Ewan McGregor na príomhcharachtair.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |