Páirtí Aontachtach Daonlathach
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | DUP |
Cineál | páirtí polaitíochta |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | aontachtas sa Ríocht Aontaithe coimeádachas sóisialta pobalachas ar an eite dheas coimeádachas náisiúnta náisiúnachas Briotanach Eoraisceipteach |
Ailíniú polaitíochta | eite dheis ar dheis ón lár |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 30 Meán Fómhair 1971 |
Bunaitheoir(í) | Ian Paisley |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Maurice Morrow |
Eile | |
Dath | |
Suíomh gréasáin | mydup.com |
Is páirtí polaitíochta dílseach agus aontachtach[1][2] i dTuaisceart Éireann é an Páirtí Aontachtach Daonlathach (Béarla: Democratic Unionist Party nó DUP). Bhunaigh Ian Paisley agus Desmond Boal an páirtí i 1971, le linn na Trioblóidí, agus bhí Paisley mar cheannaire an pháirtí ar feadh 37 mbliain ina dhiaidh sin.
Is é Gavin Robinson ceannaire an pháirtí, ceapthain 2024 i gcúinsí eisceachtúla.Fuair Gavin Robinson ceannas ar an DUP faoi choinníollacha nach roghnódh aon duine; tháinig sé i gcomharbacht ar Jeffrey Donaldson a dtáinig deireadh lena shaol polaitiúil nuair a cúisíodh é as cionta gnéis stairiúla, éigniú san áireamh.[3]
Is é an DUP ceann den dá páirtí is mó i dTionól Thuaisceart Éireann, agus an cúigiú páirtí is mó i dTeach na dTeachtaí na Ríochta Aontaithe (toghadh 8 ball den pháirtí chun Pharlaimint na Breataine sa toghchán in 2019).
Polasaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear go bhfuil an páirtí i bhfad amach ar an eite dheis[4] agus go bhfuil sé thar a bheith coimeádach ar chúrsaí sóisialta.[5] Tá sé in aghaidh an ghinmhillte agus an phósadh comhghnéis. Feiceann an DUP é féin ag cosaint an Briotanachas agus cultúr Protastúnach Uladh. Tá an páirtí amhrasach faoin Aontas Eorpach agus thacaigh sé leis an mBreatimeacht.[6][7]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'eascair an DUP ón bPáirtí Aontachtach Protastúnach. Tá naisc stairiúla aige le hEaglais Shaor Phreispitéireach Uladh, an eaglais a bhunaigh Paisley. Le linn na `dTrioblóidí, bhí an DUP i gcoinne cumhacht a roinnt le náisiúnaithe Éireannacha mar bhealach an coimhlint a réiteach, agus bhí sé i gcoinne iarrachtaí baint a bheith ag Poblacht na hÉireann i gcúrsaí Thuaiscirt Éireann. Chuaigh sé i mbun feachtais i gcoinne Chomhaontú Sunningdale 1973, Comhaontú Angla-Éireannach 1985 agus Comhaontú Aoine an Chéasta 1998. Sna 1980í, bhí baint ag an DUP leis na gluaiseachtaí paraimíleataí dílseacha Third Force[8][9] agus Ulster Resistance[10] a chur ar bun.
Le linn an chuid is mó de stair an DUP, ba é Páirtí Aontachtach Uladh an páirtí aontachtach is mó i dTuaisceart Éireann, ach faoi 2004, bhí níos mó suíocháin ag an DUP i dTionól Thuaisceart Éireann agus i dTeach na dTeachtaí na Ríochta Aontaithe.
I 2006, chomhshínigh an DUP Comhaontú Chill Rìmhinn agus an bhliain ina dhiaidh sin, d'aontaigh an páirtí le dul i mbun rialtas cineachta roinnte cumhachta le Sinn Féin,[11] a d'aontaigh an tseirbhís póilíní, cúirteanna agus an smacht reachta a thacú. D'fhág Jim Allister (an t-aon bhall de Pharlaimint na hEorpa ag an bpáirtí)[12] agus seachtar gcomhairleoirí[13] an páirtí mar agóid, agus bhunaigh siad an páirtí Glór Traidisiúnta Aontachtach.[14]
Tar éis Paisley, bhí Peter Robinson mar cheannaire ó 2008 go 2015, Arlene Foster ó 2015 go 2021, Edwin Poots ar feadh trí sheachtaine i 2021, agus Jeffrey Donaldson ó Meitheamh 2021 ar aghaidh.
San olltoghchán 2019, bhí an DUP i dtús áite le hocht suíochán (bhí Sinn Féin sa dara háit le seacht gcinn).
In 2022, tharraing an DUP amach as Stormont mar agóid i gcoinne an mhargaidh a rinne Rialtas na Breataine leis an Aontas Eorpach i dtaca le cúrsaí trádála. Cnámh spairne ab ea na socruithe a bhí ann maidir le hearraí áirithe a iompraítear idir an Bhreatain agus an Tuaisceart.
2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 29 Eanáir 2024, chinn an DUP filleadh ar Stormont tar éis do choiste feidhmiúcháin an DUP an cheist a chaibidil ar feadh cúig huaire (cuireadh go láidir i gcoinne an chinnidh). Gheall Rialtas na Breataine "deireadh" a chur le "seiceálacha" custaim ar earraí a choinnítear taobh istigh de mhargadh an Tuaiscirt, a mhaígh Donaldson.[15]
D'éirigh Donaldson as an cheannaireacht ar an 29 Márta 2024 nuair a chúisíodh é i gcionta gnéis. Bhí Gavin Robinson ina leascheannaire sula bhfuair sé an t-ardú céime gan choinne Aoine an Chéasta. Toghadh é mar cheannaire an pháirtí i gcúinsí eisceachtúla.[16]
Ar an 23 Bealtaine 2024, d'fhógair Rishi Sunak olltoghchán; ní raibh an DUP ag cruthú rómhaith sna pobalbhreitheanna ag an am. Ní raibh ceannaire ar an bpáirtí, Gavin Robinson róchinnte fiú go n-éireoidh leis a shuíochán féin a choinneáil i mBéal Feirste Thoir.[17]
San Olltoghchán 2024, chaill an DUP trí shuíochán agus gur dhóbair dóibh péire eile a chailliúint. Atoghadh Gavin Robinson (Béal Feirste Thoir); Sammy Wilson (Aontroim Thoir); Gregory Campbell (Doire Thoir); Jim Shannon (Loch Cuan); agus Carla Lockhart (An Bhanna Uachtarach). Mar leis na trí shuíochán a chaill an DUP;[18]
- Fuair ceannaire an TUV Jim Allister an ceann is fearr ar Ian Paisley in Aontroim Thuaidh, agus tháinig deireadh le rítheaghlach Paisley tar éis ceithre bliana is leathchéad.[19] Bhí farasbarr de 450 vóta de Jim Allister ar Paisley. Ní raibh aon choinne leis seo ar chor ar bith. Dúirt Allister é féin go raibh talamhchreathach.
- Toghadh Sorcha Eastwood ó Pháirtí na Comhghuaillíochta, i nGleann an Lagáin in áit Jeffrey Donaldson nach raibh san iomaíocht; agus
- Thóg Robin Swann ó Pháirtí Aontachtach Uladh, an suíochán in Aontroim Theas ó Paul Girvan.[20]
An Chomhairle Pobal Dílseacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuail Aire Oideachais Stormont, Paul Givan, leis an An Chomhairle Pobal Dílseach (CPD nó LCC i mBéarla) i mí Mheán Fómhair 2024 agus chas Aire Pobal Stormont, Gordon Lyons leis an CPD cúpla seachtain níos déanaí. Scáthghrúpa do na paraimíleataigh dhílseacha (UVF, UDA...) is ea an CPD. Bhí an DUP ag tabhairt le fios go bhfuil dlisteanacht ag baint leis an CPD, is cosúil.[21]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Lee A. Smithey (2011-08-30). "Protestant Unionists and Loyalists". Unionists, Loyalists, and Conflict Transformation in Northern Ireland: 53–76. Oxford University Press.
- ↑ James W. McAuley (2016). "Very British Rebels?". Bloomsbury Academic.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (3 Iúil 2024). "Uair na cinniúna do cheannairí an Tuaiscirt" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-06.
- ↑ Stephen Ingle (2008-03-11). "The British Party System". doi: .
- ↑ Anthony Ridge-Newman (2016-10-02). "1959 General Election, Tories and TV 1958–63". The Tories and Television, 1951-1964: 111–129. London: Palgrave Macmillan UK.
- ↑ "The Campaign" (2017). Brexit, No Exit. I.B. Tauris.
- ↑ Emmanuel Ordóñez Angulo (2017-02-02). "What Do We See When We See Total Darkness?". European Journal of Philosophy 25 (4): 1039–1061. doi: . ISSN 0966-8373.
- ↑ "Ian Paisley death: Third Force 'were a motley crew of teens and farmers...'" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2021-08-01.
- ↑ "Campbell, John Dermot, (20 Jan. 1898–23 Jan. 1945), DL (Belfast); MP (U) Co. Antrim since 1943; Deputy Flax Controller for Northern Ireland since 1940" (2007-12-01). Who Was Who. Oxford University Press.
- ↑ "CAIN: Abstracts of Organisations - 'U'". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2021-08-01.
- ↑ "DUP 'would share power in May'" (en-GB) (2007-03-24). Dáta rochtana: 2021-08-01.
- ↑ "Allister quits power-sharing DUP" (en-GB) (2007-03-27). Dáta rochtana: 2021-08-01.
- ↑ "Seventh councillor leaves the DUP" (en-GB) (2007-04-05). Dáta rochtana: 2021-08-01.
- ↑ "New unionist group to be launched" (en-GB) (2007-12-07). Dáta rochtana: 2021-08-01.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-01-30). "DUP le filleadh ar Stormont faoi réir reachtaíochta úir" (as ga-IE).
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (7 Aibreán 2024). "DUP ag cruachan in aghaidh na hanachaine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-07.
- ↑ "Starmer agus Páirtí an Lucht Oibre ar thairseach na cumhachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-04). Dáta rochtana: 2024-07-04.
- ↑ "Deireadh le réimeas Paisley agus Sinn Féin ar an bpáirtí is mó as Éirinn in Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-05). Dáta rochtana: 2024-07-05.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (2024-07-05). "FÍSEÁN: Drochlá do rítheaghlach Paisley, borradh faoi Shinn Féin agus ceist an athaontaithe – torthaí thoghchán Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-05.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-07-05). "Olltoghchán buaite go rábach ag Páirtí Lucht Oibre na Breataine" (as ga-IE).
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (13 Deireadh Fómhair 2024). "An DUP ar nós cuma liom faoi chruinnithe le paraimíleataigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-14.