Próiseas ceithre dhath
Teicníocht priontála chun gach dath sa speictream a mhacasamhlú gan ach 4 dhúch le 4 dhath a úsáid, ach é sin i meascáin de chomhréireacha éagsúla. Déantar grianghraf den bhunradharc — trédhearcach daite, dearbhchló grianghrafach, pictiúr daite nó íomhá eile — le scagairí datha nó scanóir leictreonach. Ansin cruthaítear scannáin den íomhá, gach ceann ag freagairt do dhath amháin de na dúigh ata le húsáid (de ghnáth maigeanta, buí, cian is dubh). Ar deireadh priontáiltear an íomhá chéanna 4 uair, dath i ndiaidh datha trí scannán i ndiaidh scannáin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Próiseas ceithre dhath". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 539.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |