Content-Length: 169438 | pFad | https://ga.wikipedia.org/wiki/Tampere

Tampere - Vicipéid Jump to content

Tampere

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTampere
Tampere (fi)
Tammerfors (sv) Cuir in eagar ar Wikidata
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 61° 29′ 53″ N, 23° 45′ 36″ E / 61.4981°N,23.76°E / 61.4981; 23.76
Stát ceannasachan Fhionlainn
Regional State Administrative Agency (en) AistrighWestern and Central Finland Regional State Administrative Agency (en) Aistrigh
Réigiún de chuid na FionlainnePirkanmaa Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán255,333 (2024) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús486.45 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Suite san aonán críochach staitistiúilTampere sub-region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla524.89 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceNäsijärvi (en) Aistrigh, Pyhäjärvi (en) Aistrigh agus Tammerkoski Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Bunaitheoir(í)Gustav III na Sualainne Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1 Deireadh Fómhair 1779
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachTampere City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Méara Cuir in eagar ar WikidataKalervo Kummola (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist33100–33900 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáintampere.fi Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: tampereenkaupunki X: Tamperekaupunki Instagram: tamperekaupunki LinkedIn: city-of-tampere Youtube: UCR_kmpGAi_oopGGWYcLbcOw GitHub: Tampere Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Tampere (Fionlainnis: Tampere, Sualainnis: Tammerfors) an tríú cathair is mó san Fhionlainn agus an chathair is mó sna tíortha Lochlannacha nach bhfuil suite cois farraige. Tá breis is dhá chéad míle de dhaoine ina gcónaí i dTampere, agus cúig chéad trí chiliméadar cearnach is fiche d'achar ann. Tá an chathair ag críochantaíocht leis na ceantair (kunta) Kangasala, Lempäälä, Nokia, Pirkkala, Vesilahti, Ylöjärvi, Orivesi, agus Ruovesi.

Tá an chathair suite idir dhá loch - Loch Näsijärvi agus Loch Pyhäjärvi. Níl ach ocht méadar déag eatarthu, agus nascann an fánsruth Tammerkoski iad dá chéile i lár na cathrach.

Armas Tampere

Cosúil le Béal Feirste agus Manchain, b'é an línéadach a rinne cathair mhór de Tampere. B'é an tAlbanach Séamas Mag Fhionnlaigh, nó James Finlayson, a bhunaigh monarcha línéadaigh Finlayson i dTampere sa bhliain 1820. Mar sin, is iad an lucht oibre, an tionsclaíocht, gluaiseacht an lucht oibre agus an Sóisialachas a d'fhág a mblas ar stair na háite ar fad. Tháinig tionsclaíocht eile sna sálaí ag an línéadach, go háirithe na ceártaí innealra. Nuair a bhí an línéadach ag borradh i dTampere mar thionscadal, ba nós Suomen Manchester nó Manchain na Fionlainne a thabhairt ar Tampere. Rinneadh "Manse" de Manchester i gcaint na ndaoine, agus sin é an leasainm atá ar Tampere inniu féin. Chuaigh daonra na háite in airde go sciobtha i ndiaidh theacht na tionsclaíochta, agus na scológa ag tarraingt ar an gcathair ar lorg saothair ó na ceantair thuaithe ina timpeall.

Sa bhliain 1918, chuir na Sóisialaigh agus na buirgéisigh cogadh cathartha san Fhionlainn, agus b'i dTampere a cuireadh an cath ba mhó sa chogadh sin. Bhí an troid go dona in Kalevankangas, i Messukylä agus i lár na cathrach. Básaíodh cuid mhór de na Gardaí Dearga i ndiaidh na gcathanna, agus cuireadh breis is deich míle acu i mbraighdeanas.

Tá dhá ollscoil ag obair i dTampere, Ollscoil Tampere (Tampereen yliopisto) agus Ollscoil Teicneolaíochta Tampere.










ApplySandwichStrip

pFad - (p)hone/(F)rame/(a)nonymizer/(d)eclutterfier!      Saves Data!


--- a PPN by Garber Painting Akron. With Image Size Reduction included!

Fetched URL: https://ga.wikipedia.org/wiki/Tampere

Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy