Satailít de chuid Shatarn í Tethys. Ba é Giovanni Domenico Cassini a chuir an chéad sonrú inti thiar sa bhliain 1684. Níl inti go bunúsach ach leac oighir, agus í ar ceann de na reanna neimhe is mó ailbéideachta sa Ghrianchóras - is é sin, frithchaitheann sí cuid mhór den solas a bhuaileann í. Is iad an dá shainchomhartha is mó ar dhromchla Tethys ná an cráitéar úd Odysseus ar an leathsféar iartharach, agus é 400 ciliméadar ar trastomhas, agus an gleann úd Ithaca Chasma atá céad ciliméadar ar leithead agus 2000 ciliméadar ar fad. Tá Tethys féin 1066 ciliméadar ar mheán-trastomhas. Tá dhá Thraíoch ag Tethys, mar atá, Telesto agus Calypso.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
↑Ráite i: A Short History of Astronomy. Údar: Arthur Berry. Foilsitheoir: John Murray. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla na Breataine. Dáta foilsithe: 1898.
↑Ráite i: A Short History of Astronomy. Údar: Arthur Berry. Foilsitheoir: John Murray. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla na Breataine. Dáta foilsithe: 1898.