Content-Length: 129857 | pFad | http://ga.wikipedia.org/wiki/Du%C3%A1n

Duán - Vicipéid Jump to content

Duán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtDuán
Sonraí
Laidinren
Cuid decóras eisfheartha agus córas inchríneach
Aitheantóirí
MeSHD007668
TAA08.1.01.001
FMA7203 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/kidney
Téarmaíocht anatamaíoch


Na duáin i gcorp daonna

Ceann den dá orgán i veirteabraigh a tháirgeann fual[1]. Sa duine bíonn na duáin comhchruthach, ar chruth pónairí, suite ar an gcuid uachtarach de chúlbhalla an bhoilg, ar an dá thaobh den cholún veirteabrach.

Bíonn dhá dhuán ag gach duine. Déantar fual iontu. Sileadh sé amach, síos an úiréadar agus isteach sa lamhnán.

Tugann an t-úiréadar an fual don lamhnán. Bíonn meáchan timpeall 130g ag gach duán, agus le faireog aidréineach, bíonn sé imchlúdaithe le fíochán tacaíochta is tacaithe le saill.

Bíonn suas le milliún neafrón (an bunaonad feidhmithe) i ngach duán.

Déanann an neafrón an fhuil a phróiseáil le hábhair iomarcacha a bhaint aisti, agus ag an am céanna comhábhair riachtanacha (glúcós, sóidiam, potaisiam is eile) a choinneáil inti chun toirt is comhdhéanamh shreabháin na colainne a choinneáil taobh istigh de theorainneacha normálta.

Tálann an duán gníomhaithe tábhachtacha (reinin, eiritreapóitin, próstaglaindin is eile) agus iompraíonn an fhuil iad go dtí a spriocfhíocháin. Is iad na riochtaí a chuireann isteach ar na duáin ná glomarúlaineafraíteas, cliseadh duán, clocha úiríneacha is úiréime.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)








ApplySandwichStrip

pFad - (p)hone/(F)rame/(a)nonymizer/(d)eclutterfier!      Saves Data!


--- a PPN by Garber Painting Akron. With Image Size Reduction included!

Fetched URL: http://ga.wikipedia.org/wiki/Du%C3%A1n

Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy