Content-Length: 97987 | pFad | http://ga.wikipedia.org/wiki/Maurizio_Cattelan

Maurizio Cattelan - Vicipéid Jump to content

Maurizio Cattelan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaurizio Cattelan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Meán Fómhair 1960
64 bliana d'aois
Padua, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheViale Bligny
Gníomhaíocht
Réimse oibreDealbhóireacht agus taibhealaín
Suíomh oibre Criquetot-l'Esneval
Milano
Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmgrianghrafadóir, taibhealaíontóir, péintéir, ealaíontóir suiteáin, ealaíntóir choincheapúil, maisitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraEalaín choincheapúil agus ealaín suiteála
TeangachaAn Iodáilis
GníomhaireGalerie Emmanuel Perrotin agus Gailearaí Marian Goodman
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinmauriziocattelan.altervista.org Cuir in eagar ar Wikidata

Discogs: 2314182 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ealaíontóir Iodálach é Maurizio Cattelan (a rugadh ar 21 Meán Fómhair 1960) a dhéanann suiteáin hipir-réalaíocha. Leanann conspóid i gcónaí é. Tugtar bobaire air uaireanta, a dhéanann gníomh gríosaithe ó am go ham. Rinne Maurizio Cattelan a chuid saothar is tábhachtaí i lár stairiúil Milano i Viale Bligny, áit ar chónaigh sé ar feadh i bhfad.

Ghreamaigh Cattelan banana den bhalla le téip.

Comedian (2019)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2019, chruthaigh Cattelan píosa ealaíne bunaithe ar bhanana ... ghreamaigh sé banana den bhalla le téip. Comedian an t-ainm a thug sé ar an bpíosa ealaíne. Dhíol sé an phíosa ealaíne ar phraghas €120,000.[1][2]

In 2019, chuir David Datuna físeán in airde ar an idirlíon inar ith sé an banana.[3] Bhí banana nua curtha in airde. Is cosúil go gcuireann siad banana nua in airde gach trí lá ar aon nós.

Sa bhliain 2023, bhí Noh Huyn-soo ag tabhairt cuairte ar an Leeum Museum of Art, i Seoul, Chóiré. D’ith sé an banana ó Comedian. Chuir sé an craiceann ar ais ar an mballa faoin téip.[4]

I mí na Samhna 2024, cheannaigh Justin Sun ón tSín leagan den phíosa ealaíne ar €5.9 milliún. Fuair sé ceadúnas leagan den phíosa ealaíne a chruthú é féin le téip. Rinne sé é sin agus ina dhiaidh sin, ar an 29 Samhain 2024, d’ith sé an banana.[5] Dúirt sé go raibh blas réasúnta maith air.[6][7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. NPR (1 Bea 2023). "The guy who ate a $120,000 banana in an art museum says he was just hungry". Dáta rochtana: 2023.
  2. Graham Russell (2019-12-08). "Banana artwork that fetched $120,000 is eaten by 'hungry' artist" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-05-21.
  3. "David Datuna: Artist eats $120,000 banana art at gallery - BBC News" (as en) . 
  4. maynoothuniversity.ie (Eleathanach 441, 15 Bealtaine 2023). "Píosa ealaíne blasta". Dáta rochtana: 2023.
  5. Amy Hawkins (2024-11-29). "Crypto entrepreneur eats banana art he bought for $6.2m" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-12-03.
  6. ELeathanach 483, 2 Nollaig 2024  
  7. "Crypto boss eats banana artwork bought for $6.2m" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-12-03.








ApplySandwichStrip

pFad - (p)hone/(F)rame/(a)nonymizer/(d)eclutterfier!      Saves Data!


--- a PPN by Garber Painting Akron. With Image Size Reduction included!

Fetched URL: http://ga.wikipedia.org/wiki/Maurizio_Cattelan

Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy