Tamaulipas
Tamaulipas | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Meicsiceo | ||||
Príomhchathair | Ciudad Victoria | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 3,441,698 (2015) | ||||
• Dlús | 42.93 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Northern Mexico (en) | ||||
Achar dromchla | 80,175 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Murascaill Mheicsiceo agus Río Bravo | ||||
Airde | 126 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1824 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Comhdháil Tamaulipas | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 87-89 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | MX-TAM | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | tamaulipas.gob.mx |
Is ceann de na 31 stát de chuid Mheicsiceo é Tamaulipas, agus é suite in oirthuaisceart na tíre. Tá Tamaulipas ag críochántaíocht le Texas, sna Stáit Aontaithe, sa tuaisceart, le Murascaill Mheicsiceo ar a thaobh thoir, le stát Veracruz san oirdheisceart, le San Luis Potosí san iardheisceart, agus le Nuevo León san iarthar. Is é Ciudad Victoria an phríomhchathair agus is é Reynosa an chathair is mó. Bhí 3,374,200 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2012.
Tá an trádáil níos tábhachtaí ná aon chuid eile de gheilleagar an stáit. Tá 15 pointe trasnaithe ar an teorainn leis na Stáit Aontaithe. Is é Nuevo Laredo an ceann is tábhachtaí. Téann 28% de thrácht thrádála NAFTA tríd agus an droichead idir é agus na Stáit Aontaithe, is é an droichead idirnáisiúnta is mó tráchta ar domhan. Lena chois sin tá dhá chalafort thábhachtacha ann, Tampico agus Altamira. Tá Tampico suite ar an mbruach thuaidh den abhainn Pánuco agus tá scaglann mór ola de chuid PEMEX ann. Táirgí peitril sa chuid is mó a théann tríd an gcalafort úd. Earraí saothraithe de gach aon chineál a théann trí Altamira. San iomlán aistrítear 30% d'earraí trádála Mheicsiceo leis an gcoigríoch trí Tamaulipas.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Suíomh oifigiúil Curtha i gcartlann 2015-02-14 ar an Wayback Machine an stáit, arna rochtain ar 14 Feabhra 2015 (es)
Is síol faoi thíreolaíocht Mheicsiceo é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |