Broncaileathóir
Cuma
Oibreáin, cosúil le haidréanailéin, isipréanailín is salbútamól, is ea broncaileathóir, a leathann na broncais sna scamhóga agus a fhéadfaidh cabhrú le cóireáil duine le plúchadh.[1]
Níl na broncaileathóirí uile sábháilte a ndóthain le húsáid i gcoinne an phlúchta, áfach. Baintear feidhm chliniciúil as salbútamól i bhfoirm aerasóil, agus as sailmeitearól is afoirmeitearól.
Mar sin féin. tá conspóid ann maidir lena n-úsáid gan stéaróidigh. Tá fianaise ann go laghdaíonn siad na siomptóim ach nach gcuireann stop leis an ngalar bunúsach, agus imní go mb'fhéidir go bhfuil na hoibreáin seo freagrach as méadú i ngalracht plúchta i dtíortha an iarthair.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ An Gael Glas (9ú Feabhra 2023). "‘Is ionann analóir amháin agus 350km i Toyota Corolla ó thaobh na haeráide de’" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-02-22.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Broincileathóirí (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 92.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |