Ceannairc
Cuma
Is éard is ceannairc ann ná éirí amach i measc grúpa daoine (go hiondúil rannóg mhíleata nó foireann loinge) chun cur i gcoinne na ndaoine os a gcionn, nó a gcuid orduithe. Úsáidtear an téarma go coitianta ar easumhlaíocht a dhéanann saighdiúirí in aghaidh oifigeach (mar shampla Ceannairc an Churraigh[1] nó an Cheannairc Indiach[2]), ach is féidir an focal a úsáid ar aon éirí amach in aghaidh grúpa atá i réim.
Le linn Ré na Fionnachtana, is minic gur éirí amach i gcoinne captaen loinge a bhí i gceist le ceannairc. Tharla sé seo, mar shampla, le linn aistir Fernão de Magalhães timpeall an domhain, ar an Discovery (long Henry Hudson), agus an cheannairc cháiliúil ar an Bounty.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Ceannairc an Churraigh” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-13.
- ↑ Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): mutiny” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-01-13.