Jump to content

Cobra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cobra Indiach; ball den speiceas a dtugtar Naja naja air. Tá a "chochall" leata aige.

Ainm a thugtar ar roinnt nathracha nimhiúla, dúchasach do dheisceart na hÁise is an Afraic is ea cobra. Tugtar cobra ar a lán speiceas, an chuid is mó díobh sa ghéineas Naja san fhine Elapidae. Faightear iad san Afraic agus i ndeisceart na hÁise. Is é “cobra” an focal sa Phortaingéilis ar nathair.

Is féidir leis an gcobra na filltí scaoilte craicinn ar a mhuineál leathadh amach mar chochall nuair a scanraítear é. An nimh, a ionsaíonn an córas néarógach, níos nimhiúla ná nathracha eile. Áitríonn sé foraoisí de ghnáth, ach tír oscailte freisin. Is féidir le cobra seileog nimhe a stealladh chomh fada le 3 m isteach i súile ainmhí bhagraigh, rud a fhéadfaidh é a dhalladh go buan. Is é an ríchobra an nathair nimhe is mó dá bhfuil ann. Cobra a bhíonn ag an mealltóir nathrach Indiach.[1]

Ní grúpa tacsanomaíochta iad. I measc na speiceas a dtugtar “cobra” orthu, tá:

  1. Hussey, Matt (2011). "Cobra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 152.
pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy