Kanye West
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Ceoltóir rap agus léiritheoir ceoil Meiriceánach is ea Kanye Omari West (Ar a dtugtar Yeezy nó Ye freisin). Chuir sé tús le go leor forbairtí i gceol Hip-Hap agus i gceol go ginearálta. Tá a lipéad ceoil féin aige, GOOD Music.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh é in Atlanta, Georgia, SAM, ar 8 Meitheamh 1977, ach tógadh é in Chicago tar éis cholscaradh a thuismitheoirí. Ollamh Bhéarla a bhí ina mháthair, Donda West, in ollscoil Clark Atlanta, agus cathaoirleach an Roinn Bhéarla ag Ollscoil Stáit Chicago, roimh éirí as a post chun bheith ina bainisteoir dó.
Sa mheánaicme a tógadh é. D'fhreastail Kanye ar Ardscoil Polaris i Oaklawn, Illinois, tar éis chónaí i Chicago. Nuair a bhí sé 10 bliana d'aois, Bhog sé lena mháthair go dtí Nanjing,An tSín, agus thosaigh sí ag múineadh san ollscoil áitiúil. Dar lena mháthair, bhí West an t-aon duine eachtrannach ina Rang, ach phioc sé suas an teanga go tapa.
Tar éis an meánscoil a chríochnú, fuair sé scoláireacht go dtí an Acadamh Ealaíon Meiriceánach i 1997, ach aistrigh sé go dtí Ollscoil Stáit Chicago chun staidéar a dhéanamh ar an Bhéarla. Éirigh sé as an Ollscoil ag 20 bliana d'aois chun béim ar a ghairm ceól. Chuir sé seo díomá ar a mháthair, mar chreid sí go raibh céim mar eochair do shaol maith.
Thosaigh sé ag scríobh filíochta nuair a bhí sé cúig bliana daois. Mheabhraigh a mháthair gur thug sí aird ar dtús ar phaisean an larthair sa líníocht agus sa cheol nuair a bhí sé sa tríú grád. Thosaigh sé ag rapáil sa seachtú grád agus thosaigh sé ag déanamh ceoil sa seachtú grád, sa deireadh iad a dhíol le healaíontóirí eile.
Thrasnaigh kanye West cosáin leis an léiritheoir DJ No. I.D, lena ndearna sé dlúthchairdeas go tapa leis. Go luath tháinig DJ No. I.D ar mheantóir do Kanye West.
Ba uaidh a d’fhoghlaim Kanye West conas buillí a shampláil agus a ríomhchlarú tar éis dó a chéad samplaí a fháil agus é 15 bliana daois.
Gairm an Cheoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair sé a dheis mhór i 2000, nuair a thosaigh sé ag léiriú ceoil do Rock-A-Fella Records. Ar 23 Meán Fómhair 2002, bhí sé i timpiste bóthair, a bhris a ghiall. Scríobh sé a chéad amhrán, Through the Wire, nuair a raibh sé san ospidéal. Chuir sé amach a chéad albam, The College Dropout i Mí Feabhra 2004. Chuaigh an albam go dtí uimhir a dó sna cairteacha.
Saol Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós sé Kim Kardashian i 2014. Rinne Kardashian iarratas ar cholscaradh ar 19 Feabhra 2021. Tá ceithre páistí acu, iníonacha North(2013) agus Chicago(2018), agus mic Saint(2015) agus Psalm(2019).
Ar 10 Samhain 2007, fuair mháthair West, Donda West bás ag cois 58. I mí Eanair 2008 dúirt oifig Chroinéara Chontae Los Angeles go bhfuair máthair an rapper bás de ghalar artaire corónach agus fachtóirí iar- obráide íolracha ó, nó mar thioradh air, liposuction agus mamaplásty.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The College Dropout (2004)
- Late Registration (2005)
- Graduation (2007)
- 808s & Heartbreak (2008)
- My Beautiful Dark Twisted Fantasy (2010)
- Yeezus (2013)
- The Life of Pablo (2016)
- Ye (2018)
- Jesus is King (2019)
- Donda (2021)
Dámhachtainí agus éachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá duaiseanna éagsúla buaite ag Kanye West. Ina measc tá Gradam Webby d’Ealaíontóir na bliana, Gradam Sármhaitheasa na Comhairle Accessories as a bheith ina dhéatóir stíle, fear idirnáisiúnta na bliana ag gradaim GQ, Gradam Clio do ‘ The life of Pablo’ album Taithí, agus onóir ón Acadamh Taifeadta. Tá West ar cheann de ocht n-acht a bhuaigh gradam Gnóthachtála ealaíontóra Billboard. Tá an Brit Award don ealaíontóir aonair fireann idirnáisiúnta is fearr buaite aige trí huaire, chomh maith le a bheith ar dhuine de thriúr ealaíontóirí a bhuaigh an gradam sna blianta as a chéile. I 2011, bhí sé ar an gcéad ealaíontóir a bhuaigh an tEalaíontóir Hip – Hop Fireann is fearr ag na Dámhachtaíní ‘BET’ trí huaire, is é an t-ealaíontóir fireann is mó buaite d’fhíseán na bliana ag an searmanas agus is é an t-aon duine ar bronnadh an duais air. Dámhachtain físeach ag Onórachta ‘BET’.
Albam i gcomhar le daoine eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Watch the Throne (le Jay-Z) (2011)
- Kids See Ghosts (le Kid Cudi mar Kids See Ghosts) (2018)