Jump to content

Réad neas-Domhanda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is réad neas-Domhanda[1] ann ná astaróideachcóiméad taobh istigh den Ghrianchóras ar fhithis a thagann gar don Domhan, ionas go mb'fhéidir go dtarlóidh imbhualadh contúirteach. Meastar go bhfuil suas le 2,000 réad mar sin de thrastomhas níos mó ná 1 km ann, agus thar mhilliún réad de thrastomhas 50 m nó níos mó. Threáfadh réad 50 m ar leithead atmaisféar an Domhain. Dhéanfadh imbhuailí réad níos mó an-chuid dochair. Mar shampla, meastar go leanfadh dochar comhshaoil ar fud an Domhain imbhualadh réada 2 km ar trastomhas, agus an pléascadh coibhéiseach de mhilliún meigeatonna TNT, de bharr an bhrat deannaigh a chuirfeadh tús le geimhreadh a mhairfeadh na blianta, cailliúint barr, gorta is galar ar scála domhanda. Meastar gur réad eachtardhomhanda 15 km ar trastomhas a d'imbhuail leis an Domhan timpeall 65 milliún bliain ó shin a dhíothaigh na dineasáir agus suas le 75% de gach rud beo ar Domhan.[2]

  1. “réad neas-Domhanda” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-08-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Dlúth-theagmhálach leis an". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 217.
pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy