Rudolf Nureyev
(1973) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (ru) Рудо́льф Хаме́тович Нуре́ев |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 17 Márta 1938 Razdolnoe, An Rúis (en) , i ngar dó |
Bás | 6 Eanáir 1993 54 bliana d'aois Levallois-Perret, An Fhrainc |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Death from AIDS-related complications (en) ) |
Áit adhlactha | Sainte-Geneviève-des-Bois Russian Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Vaganova Academy of Russian Ballet (en) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | An tAontas Sóivéadach |
Gairm | damhsóir bailé, máistir bailé, aisteoir, cóiréagrafaí, stiúrthóir |
Tréimhse oibre | 1958 – 1992 |
Mac/iníon léinn de chuid | Sulamith Messerer agus Vera Volkova |
Mac/iníon léinn | Manuel Legris |
Teangacha | An Rúisis agus an Tatairis |
Ealaíontóirí gaolmhara | Margot Fonteyn: Margot Fonteyn and Rudolf Nureyev (en) |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Croineolaíocht | |
nevozvrashchentsy (en) | |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | nureyev.org |
|
Damhsóir bailé Sóivéadach ab ea Rudolf Khametovich Nureyev (Baiscíris: Рудольф Хәмит улы Нуриев, Tatairis: Рудольф Хәмит улы Нуриев, Rúisis: Рудо́льф Хаме́тович Нуре́ев) (17 Márta 1938 – 6 Eanáir 1993), agus é ar dhuine de na damhsóirí ba mhó clú air sa 20ú haois. Thug sé áit do na mothúcháin sa damhsóireacht agus chruthaigh sé ról nua do na fir sa bhailé, ról a bhí teoranta go dtí sin do thacaíocht a thabhairt do na mná.
Chuir Nureyev cúl leis an Aontas Sóivéadach sa bhliain 1961, d'ainneoin iarrachtaí an KGB stad a chur leis.
A luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saolaíodh Rudolf Nureyev ar 17 Márta 1938 ar bord traenach in aice le hIrkutsk, sa tSibéir san Aontas Sóivéadach. Tógadh é i mbaile beag gar do Ufa sa Bhaiscíreastáin. Teaghlach Tatarach a bhí iontu, cé go raibh sinsireacht Bhaiscíreach acu freisin.
Chuir sé spéis mhór sa rinceoireacht agus é ina bhuachaill óg go fóill. Tharraing a chumas nádúrtha mar rinceoir aird na ndaoine agus tugadh oiliúint san ealaín sin dó, go mór mhór in Acadamh Bailé Vaganova, scoil a bhí ceangailte leis an mBailé Kirov i Leningrad. Chuir sé críoch lena chuid staidéar ansin sa bhliain 1955 in aois a 15 bliana.
Ag damhsaíocht in Aontas na Sóivéadach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aithníodh a ardchumas damhsaíochta agus é ag damhsaíocht leis an mBailé Kirov. Stíl bhríomhar a bhí aige. Aithníodh féith na heasumhlaíochta ann freisin. Ligeadh dó dul ar an stáitse san Ostair i 1958 ar ócáid Fhéile Idirnáisiúnta na hÓige, ach bhí a chuid iompair ar an turas sin chomh dána ceannairceach gur dúradh leis nach mbeadh cead aige dul thar lear arís choíche.
Sa bhliain 1961, áfach, gortaíodh Konstantin Sergeyev, príomhdhamhsóir fireann an Kirov, agus an compántas sin ar tí dul ar thuras go dtí iarthar na hEorpa. Roghnaíodh Nureyev dul ina ait-se.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |